Sula dTagann Tú: An tAgallamh, Taisteal, Pacáil, Amhráin

Aimsigh Cúrsa.

Breathnaigh ar na Roghanna cúrsaí agus léigh na Ceisteanna Coitianta: Bíonn cúrsaí againn i sé ionad dhifriúla d’aoisghrúpaí difriúla, mar sin molann muid duit léamh faoi na cúrsaí a d’fheilfeadh duit ar dtús agus ansin na Ceisteanna Coitianta a léamh: freagróidh siad sin na ceisteanna is mó a chuirtear orainn sula bhfiafraíonn tú fiú iad! Liosta Cúrsaí

Foirm Iarratais / Application Form

Is féidir iarratas a dhéanamh ar chúrsa ar fhoirm a chuirtear sa bpost, nó má tá sí ar fáil, ar fhoirm nua ar líne (thíos). Léigh na sonraí go cúramach, líon isteach an fhoirm iarratais agus seol go Spleodar í. Teastaíonn éarlais chun áirithint a chur i gcrích. Bíonn an-éileamh ar ár gcúrsaí, mar sin ní féidir linn áit a chinntiú do chuile dhuine (fiú má íoctar éarlais), ach déanann muid ár ndícheall i gcónaí áit a aimsiú do chuile dhuine.

An tAgallamh / Information meeting

Más é seo do chéad uair ag Spleodar beidh ort freastal ar Chruinniú Faisnéise ar líne le tuismitheoir nó caomhnóir. Reáchtáiltear na cruinnithe seo sna míonna roimh na cúrsaí a reáchtáil agus is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin gcruinniú seo anseo. Ná bí buartha, ní scrúdú é!

Pacáiste Eolais/Information Pack

Beidh pacáiste eolais ar fáil ar an suíomh seo coicís sula dtosaíonn an cúrsa. Beidh eolas faoi uimhreacha fóin, seoltaí poist agus ríomhphoist, sonraí taistil agus rudaí atá le pacáil sa bpacáiste. Beidh an t-eolas ar fad ar an suíomh gréasáin freisin, agus ón bpríomhoifig.

Ag Taisteal go Spleodar

Bíonn bus ar fáil do scoláirí a dteastaíonn córas taistil go Spleodar agus abhaile arís uathu. Fágann na busanna ó áiteanna difriúla:

An Bóthar Buí – Baile Átha Cliath / Enfield serving Dublin City, Cill Bheagáin / Kilbeggan, Baile Átha Luain / Athlone, Ceatharlach / Carlow, Port Laoise / Portlaoise, an Longfort /Longford, Ros Comáin / Roscommon, Órán Mór (Gaillimh) / Oranmore (Galway).

Nathanna Úsáideacha

Tá roinnt nathanna úsáideacha anseo a chabhróidh leat tús a chur le cúrsa Spleodar.

Ná déan dearmad, ní theastaíonn ach cúpla abairt shimplí chun tús maith a chur leis an gcúrsa – agus tús maith, leath na hoibre!

SPLEODAR STUDENT CHECKLIST: What should you pack?

Ginearálta (General)

Airgead Póca. Pocket Money – there will be roughly one visit to the shop per day. Spleodar operate an internal bank system where students can deposit money and withdraw as they go.

The local shop for some courses accept Revolut and debit cards.
Course Locations that have these card payment facilities are:

  • Leitir Mealláin
  • Leitir Móir
  • Ros Muc

NB: this list my expand or change as shops update their systems independently of Spleodar so please check in 2 weeks prior to when your course starts.

Seic €60 don Dochtúir. €60 cheque payable to SPLEODAR for doctor/medical bills, which will be returned if unused. Cárta leighis (Medical Card) may alternatively be provided if applicable. This must not be a photocopy.

Clúdaigh Litreach réamhstampáilte. Stamped-addressed Envelopes. Stamps can be difficult for students to acquire whilst on the course.

Cóipleabhar crua agus pinn do na ranganna, Hardback copy and pens for class.

Foclóir Béarla/Gaeilge. English/Irish Dictionary.

Éadaí (Clothes)

You will need enough clothes for 3 weeks/21 days. In relation to washing, the Bean An Tí will wash underwear, socks, t-shirts and towels. An old pillow case or net bag for the washing machine is necessary. Sometimes it may be useful for the student, if parent is coming up for two Sunday visits, to bring up more clothes and take away used clothes, etc.

Fo-éadaí

Stocaí (tabhair neart stocaí breise leat!)

T-léinte

Cochaillín/geansaí te

Cóta báistí maith a bhfuil cochall air. Ní leor cochaillín.

Bróga maithe reatha nó bróga maithe siúlóide.

Mála droma beag.

Éadaí spóirt agus snámha.

Tuáillí.

Seanchlúdach piliúir (nó mála eangaí) don inneall níocháin.

Lóis ghréine.

Díbholaíoch rollógach. – Ná tabhair aon sprae leat. Tógfar gach sprae ó na scoláirí.

Éarthach feithidí.

Spórt & Ceol

Uirlisí Ceoil. Seiceáil an bhfuil an uirlis clúdaithe faoi d’árachas tí.

Camán & Clogad. Ní bheidh cead ag aon duine iomáint ná camógaíocht a imirt gan clogad a chaitheamh.

Miscellaneous (Ilchineálach)

Lunch Box. – Bosca lóin.

Fleasc maith uisce. Beidh scoláirí in ann ár bhfuaraitheoirí uisce a úsáid nuair is gá.

Aon éadach bréagach, bréagfholt, srl., a d’fhéadfaí a chaitheamh i gcéilithe gléasta agus comórtaisí.

Roghnach.

Caithfear Seic an Dochtúra, Airgead Póca agus Airgead Bus a chur i gclúdach litreach ar leith (trí cinn san iomlán) agus an méid seo a leanas orthu::
ÁBHAR: [beidh ábhar amháin ar gach clúdach – Seic an Dochtúra, Airgead Póca nó Airgead Bus]
AINM:
MÉID: [i gcás Sheic an Dochtúra, scríobh ‘seic’ nó ‘cárta leighis’ anseo]

Má mheastar go bhfuil rud ar bith atá ag an scoláire contúirteach, nó in aghaidh na dtéarmaí agus coinníollacha bealach ar bith, iarrfar ar an scoláire sin é a thabhairt do bhall foirne. D’fhéadfaí caitheamh lena leithéid de chás mar shárú tromchúiseach ar na rialacha iompair. Má mheastar go bhfuil rud éigin contúirteach, ní thabharfar ar ais don scoláire é ag deireadh an chúrsa ar chor ar bith.

Tá sé tábhachtach go mbeadh Amhrán na bhFiann agus Amhrán an Choláiste ar eolas ag na scoláirí.

Amhrán Na bhFiann

 

Seo dhaoibh, a chairde, duan Óglaigh,
Caithréimeach, bríomhar, ceolmhar.
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
Faoin spéir go min réaltógach.
‘S fonnmhar faobhrach sinn chun gleo,
‘S go tiúnmhar glé roimh theacht don ló.
Faoi chiúnas caomh na hoíche ar seol,
Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann.

Sinne Laochra Fáil, atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn.
Fé mhóid bheith soar, seantír ar sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán na faoin tráill.
Anocht a théim sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saol.
Le gunnaí scréach faoi lámhach na bpiléar.
Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann.
 

Amhrán An Choláiste

Sruth buan ó ghlúin go glúin
Sníonn siad gan staonadh anuas. (X3)

Taisce na tíre ar dteanga féin,
A lasann an ród dúinn ar chúl ‘s ar aghaidh.
Saibhríonn sí an saol dúinn anseo ‘s i gcéin
Mar sin siúlaigí go sior leis an nGaeilge.
Sruth buan ó ghlúin go glúin
Snionn sí gan staonadh anuas. (X3)
Tabharfaimid féin an Ghaeilge linn,
Go bródúil i gcéin is i gcóngar
‘S tabharfaimid leis do chách an deis,
Í a fhoghlaim anseo ag an tobar.

Sruth buan ó ghlúin go glúin
Snionn sí gan staonadh anuas. (X3)

Chugainn.