Imeachtaí

Events

Glacann baill na gclubanna páirt in imeachtaí difriúla i rith na bliana freisin, m.sh. an Tóstal (teacht le chéile na gcúrsaí i mí Mheán Fómhair), cuairt ar an Oireachtas (Féile Náisiúnta na Gaeilge), Slógadh Spleodar (ceiliúradh na gclubanna ar dheireadh na bliana), an Turas Rúnda agus neart eile. Molann Spleodar do scoláirí freastal ar na clubanna agus ar na himeachtaí iar-aire i rith na bliana.

Through participation in these events during the year, students are given an opportunity to practice and build upon their Irish, develop their leadership skills and strengthen their friendships made during the summer months.

Ná déan dearmad ar ár gClubanna Óige

Bíonn ár gClubanna Óige Gaeilge ar siúl i mbailte ar fud na tíre. Na Feighlithe (mic léinn ollscoile) a bhíonn i gceannas ar na clubanna seo. Tugann na clubanna deis do scoláirí Spleodar bualadh lena chéile i suíomh sábháilte agus páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós drámaíochta, ceardlann, obair charthanachta, srl., trí mheán na Gaeilge. Feiceann scoláirí an Ghaeilge mar theanga bheo ina gceantar áitiúil. Bíonn an mhaoirseacht chéanna agus na rialacha céanna i bhfeidhm sna clubanna agus a bhíonn ar ár gcúrsaí samhraidh.

Find the best Youth Club for you