| Slógadh Spleodair |
| 04-03-08 | |||
|
Mean Fómhair 1998 60 daltaí i láthair, ag teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na cairde is na gaol a rinneadh i rith na bliana i 1998.
Mí Mean Fómhar 2007
Lá breá álainn a bhí i gceist. Bhí an ghrian go hard sa spéir, Carmel agus Máirtín ar a mbealach sa charr (Máirtín ag tabhairt na dtreoracha mí-chearta do Carmel ar ndóigh!), gach duine eile ar a mbealach ó gach cúinne den tír sna busanna. Bhí fonn spraíúil, stairiúil san aer.
Shroicheamar Ráth Chairn thart ar a haon a chlog tráthnóna. Bhuaileamar
le chéile sa halla, chuireamar aithne ar a céile agus thug Carmel an
clár ama amach dúinn. Ar aghaidh linn!
Chuaigh Club Longfoirt, Club Liatroma agus Club an Chabháin ag imirt
Seachain na Liathróidí – buachaillí in aghaidh na gcailíní. Bhuaigh na
cailíní ach bhí neart liathróidí i bhfolach acu le caitheamh amach
nuair nach raibh na buachaillí réidh! (Ehem… a Chailíní ó Longfort!!)
Ba mhinic an rud ar an lá é Maoilsheachlainn (leis an ngiotár) ag siúl
thart an chlóis le seisear cailíní á leanúint ag screadach "AN MUILEANN
gCEARR, AN MUILEANN gCEARR, AN MUILEANN gCEARR!". is léir gur thaitin é
sin go mór leis na cailíní, chomh maith leis an gcabhair ón Uasal Aogán
Mac Conmara!
Ba rud iontach na clubanna ar fad a fheiceáil scaipthe thart an halla
in aice a mbrat féin is comórtas amhránaíochta ar súil eatarthu. Gan
amhras bhí an braft is fearr ag Club Bhaile Átha Cliath!! Dá mbeadh
duais ar fáil don chlub is glóraí, is cinnte go mbeadh an bua ag Club
an Mhuilinn Chearr, cé nach raibh ann ach seisear cailíní!
Ba é cluiche na mbalún an cluiche is spraíúil riamh a chonaic mé! Ní gá ach féachaint ar an bhfíseán leis an spraoi a bhí i gceist a fheiceáil – is fiú má bhí cúpla buachaillí ina bhfolach (eh…. A Shéamuis agus a Phóil, Club na Gaillimhe) nuair a bhí na balún ag pleascadh. Físean Anseo.
Tógadh sos beag le Tráth na gCeist. Bhí deich mbabhta ann, babhta
pictiúr agus babhta ceoil san áireamh. Tháinig Club Bhaile Átha Cliath
sa dara háit ach ar deireadh ní raibh ach buaiteoir amháin ann, Club an
Mhuilinn Chearr. Ar ndóigh, bhí ar gach duine éisteacht lena n-iolach
ar feadh tamall fada "AN MUILEANN gCEARR, AN MUILEANN gCEARR, AN
MUILEANN gCEARR!" Ní dhearna an giotár a bhí ag Maoilsheachlainn aon
mhaitheas don scéal!
Bhí Maoilsheachlainn (le hata álainn air) agus an tUasal Rob Lumsden
mar fhir tí ag an gcéilí. Ba rud iontach le feiceáil iad na
hiarscoláirí ag taispeáint na rincí do na daltaí nua nach raibh i
Spleodar cheana.
Is léir ó thosaigh Spleodar go bhfuil fás thar cuimse tagtha uirthi.
Bhí an chéad Tóstal riamh i Ráth Chairn na Mí. Is beag seans gur cheap
duine ar bith a bhí ag féachaint ar na busanna ag filleadh abhaile an
oíche sin go mbeadh dream óg ag filleadh ar ais i gceann ndeich mbliana
eile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na clubanna a bheadh bunaithe ag
muintir Spleodair.
Is in IT Bhaile Átha Luain a bhíonn an Tóstal ar siúl faoi láthair agus
le cúnamh Dé i gceann ndeich mbliana eile beidh an Slógadh fós ann. Ach
fágann sé sin ceist i mo cheann áfach: "Ca mbeimid ag Scór Spleodair?"
An mhí seo deich mbliain ó shin tháinig grúpa beag daoine le chéile chun eagraíocht le haidhm faoi leith a chruthú. Ó shin tá na daoine seo fós anseo, tá an aidhm seo á gcur i bhfeidhm acu, ach tá slua mór ag tacú leo anois leis an aidhm seo in aigne acu freisin.
Is léir dom go leanfaidh an próiseas leanúnach seo ar aghaidh fad is go bhfuil an dearcadh seo a bhí ann nuair a bunaíodh Spleodar fós in intinn acu siúd a mbeidh beo i gceann cúpla scór bliain eile agus níos faide anonn. Ar aghaidh linn. |
|||

Ag
a ceathair a chlog cuireadh tús le cleachtadh don Amhrán Club le hAogán
mar fhear an tí. Is léir go raibh gach duine neirbhíseach faoi (na
feighlithe san áireamh – bhí fadhb bheag de chritheagla stáitse ar
Mháirtín agus Liam leis na geáitsí IONTACHA a bhí ag Club na
Gaillimhe.) Ag a 4 a chlog bhí na moltóirí réidh - Carmel, Aogán agus
Póla. Is léir go raibh an-iarracht déanta ag cách. Is gá a rá go raibh
an bua tuillte ag Club Bhaile Átha Cliath (Justin Timberlake "Aitníonn
Ciaróg Ciaróg Eile") le Flann agus Rob ar an ngiotár. Scríobh Clubanna
Longfoirt agus Liatroma amhráin ‘The Saw Docotors’, an-réchúiseach ar
fad. Bhí amhrán Club na Gaillimhe tiomnaithe do Charmel ("Oh Carmel le
do thoil, Táimid ag iarraidh Carmel"). Amhrán na Saw Doctors a bhí
gceist freisin agus ba léir go raibh an–ghrá ag Séamus Óg do Charmel
nuair a rith se ón ardán chun barróg a thabhairt di. Fair plé a
mhaicín! Chun an fhírinne a rá bhí eagla orm fós roimh Club an Chabháin
nuair a chonaiceamar ar an ardán iad. Nílim ró-chinnte go díreach cén
t-amhrán a bhí acu ach is léir do gach duine go raibh an–ghrá acu do
Natalie! An-ghrámhar a leaids. Tháinig Club Loch Garman sa dara háit le
hamhrán álainn ar fad ("Le chéile, Le chéile, le chéile gach duine")