Menu Content/Inhalt
Baile/Home arrow Nuacht arrow An Leathscór sna Meáin

Logáil Isteach






Focal Faire dearmadta agat?
Gan cuntas go fóill? Cláraigh

Who's Online

An Leathscór sna Meáin
04-03-08

Tá ár gcáil ag leathnú ar fud na tíre - ar fud na cruinne fiú! Foilsíodh alt faoi Leathscór Spleodair in Foinse na seachtaine seo, agus ar Gaelport.com freisin. Agus foilsíodh alt dátheangach, le pictiúr álainn den Choiste Náisiúnta, in The Galway Voice an Luan seo. Tá cóip den phreaseisiúint a cuireadh chuig na meáin thíos - tá míle fáite roimh éinne an preaseisiúint a úsáid, ach é sin a chur in iúl dúinn (is maith linn cóip a fháil d'altanna a scríobhtar fúinn chun cur leis an mbailiúchán!). Tá cóip dhátheangach ar fáil freisin, agus grianghraif más gá. 

An Preaseisiúint a bhain le Leathscór Spleodair  

Tá Spleodar 10 mbliana ar an bhfód i mbliana. Óg-eagras Gaeilge é Spleodar a eagraíonn cúrsaí samhraidh ar fud Chonamara, agus imeachtaí iar-aire ar fud na hÉireann idir chlubanna óige, thurais go féilte Gaelacha ar nós Scléip na hÓige agus neart eile.  

Mar chuid de shraith imeachtaí atá ag déanamh comóradh ar an ócáid seo, eagraíodh deireadh seachtaine scléipe i nGaillimh idir 22-24 Feabhra. Bhí teacht le chéile agus seisiún amhránaíochta in Óstán an Ardilaun Dé hAoine. Chomh maith leis sin, rinneadh nasc le himeachtaí Thóstal na Gaeilge, agus eagraíodh ceardlanna damhsa ar an sean-nós tráthnóna Shathairn.  

Ba é oíche Shathairn buaicphointe na n-imeachtaí. D’fhreastail breis is 200 duine ar an Dinnéar Gala agus Céilí Mór in Óstán an Ardilaun i nGaillimh, idir iar-dhaltaí, ard-chinnirí, mhúinteoirí, mhná tí, ionadaithe na n-eagras éagsúil Gaeilge agus chairde Spleodair. Ba é an tAire Éamon Ó Cuív aoi speisialta na hoíche, agus labhair sé i dtosach faoi thábhacht na gcoláistí Gaeilge don Ghaeltacht agus don teanga. Thréaslaigh sé leis an eagras de bharr an méid atá bainte amach acu, agus mhol sé go hard an fhorbairt atá déanta acu ar chúrsaí iar-aire. Ansin labhair Mait Ó Brádaigh, Cathaoirleach Spleodair, faoi chomh bródúil is atá sé faoin obair mhór a rinneadh go dtí seo. Labhair sé freisin faoin ngéarghá atá le coláiste timireachta chun obair na n-eagras Gaeilge ar fad a fhorbairt is a bhuanú. Chas Pádraig Ó Sé is a bhanna ceoil go mall san oíche, agus bhí neart spraoi is scléip ag baint leis an oíche.  

Eagrófar imeachtaí eile i gcaitheamh na bliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain mhór seo – tuilleadh eolais ar fáil ag www.spleodar.com.

 
designed by www.madeyourweb.com