| An Tóstal |
|
Is é an Tóstal ár gcéad imeacht mhór. I dtús mhí Mheán Fómhair a bhíonn sé. Tagann scoláirí ó na cúrsaí Spleodair uilig le chéile ag an Tóstal. Tugann sé seo deis do na scolairí casadh lena gcairde agus an Ghaeilge a d'fhoghlaim siad ar na cúrsaí a úsáid. I measc na ngníomhaíochtaí bíonn preabchaisleáin, ceardlanna éagsúla agus céilí mór.
|
Our first major event is 'An Tóstal' (re-union) held at the beginning of September. Students from all Spleodar courses meet up at An Tóstal. This gives students a chance to meet their friends and use the Irish they have learned on our courses. Activities at An Tóstal include bouncy castles, various workshops and a céilí mór.
|
|
Clubanna Spleodair
|
|
Tugann ár gclubanna deis do scoláirí a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh ina gceantar dúchais. Dhá uair an chloig in aghaidh na seachtaine atá i gceist leis na clubanna. I measc ár ngníomhaíochtaí bíonn ceardlanna, ealaín agus ceardaíocht, spórt, drámaíocht agus ceol. Téann baill na gclubanna ar imeachtaí éagsúla m.sh. babhláil agus béilí i mbialanna áitiúla. Deis iontach é seo dár scoláirí a nGaeilge a úsáid i suíomhanna éagsúla sóisialta.
|
Our clubs give students an opportunity to use and practise their Irish in their hometown. These clubs are held once a week for a period of 2hrs. Activities in our clubs include workshops, art and craft, sport, drama and music. Members of our clubs go on various outings eg. bowling and meals out in local restaurants. This is a great opportunity for our students to use their Irish in various social settings.
|
| Scléip na hÓige & Oireachtas na Gaeilge |
| Is é an tOireachtas an féile Gaelach is mó sa tír. Thart ar oíche Shamhna a bhíonn sé gach bliain, agus tagann na mílte mílte duine le chéile as gach cearn den tír chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr, oidhreacht agus teanga. Roinn óige na féile é Scléip na hÓige. Mar aon leis na céadta daltaí ó eagrais Ghaeilge ar fud na tíre, glacann scoláirí Spleodair páirt san Mhórshiúil, céilithe, dioscónna, díospóireachtaí agus comórtais eile. |
The Oireachtas is the biggest annual Irish festival in the country, when thousands of people from all over the country come together to celebrate our culture, heritage and language. Scléip na hÓige is the youth festival that occurs as part as the Oireachtas. Along with hundreds of students from Irish organisations all over the country, Spleodar students take part in the Parade, céilis, discos, debates and other competitions. |
| Slógadh Spleodair |
|
San Earrach a bhíonn Slógadh Spleodair. Deis é do bhaill na gclubanna aithne a chur ar a chéile agus castáil le seanchairde ónár gcúrsaí Gaeilge. Eagraítear comórtaisí idir na clubanna ar nós comórtaisí amhránaíochta, spóirt, ceolchoirmeacha agus tráth na gceist boird.
|
Slógadh Spleodair is held in February. This is a chance for the members of all our clubs to meet and catch up with friends they made on our courses. Inter-club competitions are held such as singing, sport, concerts and quizes.
|
An Cúrsa Cinnireachta
|
|
Cúrsa oiliúna é seo dóibh siúd ar suim leo obair a dhéanamh ar na cúrsaí samhraidh mar chinnirí nó ardchinnirí. I Ros Muc i dtús mhí Eanáir a bhíonn sé. Reáchtáiltear ceardlanna éagsúla ar obair an chinnire, ealaín agus ceardaíocht, amhránaíocht, rince agus drámaíocht.
Má mheastar go bhfuil an t-ábhar cinnire / ardchinnire feiliúnach oibreoidh siad ar ár gcúrsaí i rith an tsamhraidh.
|
This is a training course for those who wish to apply to work as a cinnire / ardchinnire on our summer courses. This course is held in Ros Muc in early January. Various workshops are held on the work of the cinnire, art and craft, singing, dancing and drama.
If potential cinnirí / archinnirí are deemed suitable they will then work on our courses during the summer.
|
| Turas Rúnda na Cásca |
|
Eagraítear Turas Rúnda a mhaireann trí lá ag an gCáisc do scoláirí. Beidh tuilleadh eolais ar fáil go luath ...
|
A three day Mystery Tour is organised every Easter for our students. More information will be available soon ...
|