| Slógadh Spleodair |
| 25-01-08 | |||
Ag a haon a chlog tráthnóna a thosóidh na himeachtaí. Beidh busanna ag taisteal ó Loch Garman, Baile Átha Cliath, Uarán Mór, an Cabhán, Longfot, Cora Droma Rúisc agus an Muileann gCearr d'aon duine ar mian leo theacht. Tosóidh muid le lón deas sa gcaifé i Rath Cairn agus ansin cuirfear tús leis na comórtaisí móra! Beidh neart imeachtaí agus comórtaisí ar bun. Tá na clubanna ag obair le cúpla seachtain anuas ar Amhrán Club agus tá siad uilig an-mhuiníneach agus cinnte go mbeidh an bua acu féin. I measc na gcomórtaisí eile biedh dTráth na gCeist Bort, Cluichí Craiceáilte agus Seó Tallainne. Ach níl deireadh leis an scéal ansin. Tá téama roghnaithe ag gach club agus beidh siad gléasta ins na héadaí sin don lá ar fad. Beidh duais ann don chlub is fearr, gan trácht ar chéilí mór. Tá fáilte roimh fhoireann Spleodair theacht ag an Splógadh ar ndóigh, agus bheadh sé iontach sibh a fheiceáil. Is féidir tuilleadh eolais faoin imeacht a fháil ó Tá cosaint ag an seoladh ríomhphoist seo i gcoinne spam bots, teastóidh Javascript chun é a fheiceáil Ag a hocht a chlog a chríochnóidh an lá, agus tá mé cinnte go mbainfidh gach duine an-taitneamh as an imeacht iontach seo! |
|||

