Cur ar ceall Chúrsaí 2020 toisc Covid-19

Deferral/Refund form: Covid-19 Deferral/Refund Form

A thuistí/chaomhnóirí, a chairde

I ngeall ar fhógra an Aire Seán Kyne nach mbeidh cúrsaí samhraidh 2020 ar siul níos mó, teastaíonn uainn, anseo i Spleodar uasdátú a thabhairt daoibh ar cur chuige na heagraíochta chun plé leis seo.

Beidh Spleodar ag ofráil aisíoca ar gach tuismitheoir/caomhnóir.
Tá 3 rogha ann:

  • Aisíoc iomlán luide €20 costas Riaracháin
  • Cuirfear an t-airgead ar aghaidh don dalta sin do shamhradh 2021
  • Cuirfear an t-airgead ar aghaidh do bhall clainne eile an dalta sin do shamhradh 2021

Má chinntear an táille a chur ar aghaidh chuig samhradh 2021, cuirfear foirm iarratais chugat le huimhir iarratais chlainne air. Tabharfaidh sé seo deis duit áit a chinntiú ar chúrsa don chéad bhliain eile sula gcuirtear ar fáil é d’iarratasóirí nua.

Nuair atá sé ceadaithe i dtreoirlínte an Rialtais maidir le hoifigí a oscailt, cuirfidh Spleodar nasc ar fáil ar shuíomh idirlíon na heagraíochta chun próiseáil a dhéanamh ar na haisíocaíochtaí.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht tríd an bpost nó tríd rphost.

Tabhair faoi deara le bhur dtoil, nach féidir aisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí go mbeidh an fhoireann ar ais san oifig.

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh, tuismitheoirí agus daltaí araon, atá tar éis bheith linn le blianta nó libh atá nua linn i mbliana. Freisin ba mhaith linn ár buíochas a ghabháil lenár mná tí don obair iontach a dhéanann siad bliain I ndiadh bliana. Is tréimshe ama gan fasach é seo agus guímid gach rath oraibh uilig.

Tugaigí aire agus fanaigí slán.
Le meas
Mait Ó Brádaigh
Cathaoirleach
Carmel Nic Eochaidh
Bainisteoir.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *