Eolas

Spleodar

Is óg-eagras seachbhrabúsach Gaeilge é Spleodar.

Is é ár bpríomhaidhm Gaeilge a mhúineadh do scoláirí ar bhealach spraíúil agus grá don teanga a chothú iontu a bheidh acu go brách.

Cosaint Leanaí: Child Protection Policy

Ár gCúrsaí Samhraidh

Teastaíonn ó Spleodar go mbainfeadh chuile dhuine taitneamh as ár gcúrsaí agus iad i mbun Gaeilge a fhoghlaim. Bíonn ár dtráthchlár go hiomlán pleanáilte, toisc gur maith linn na scoláirí a choinneáil breá gnóthach ó dhubh go dubh. Dá ghníomhaí na scoláirí, is é is mó a fhoghlaimíonn siad, agus is é is mó a bhaineann siad taitneamh as an gcúrsa. Bíonn go leor ar bun againn, Ranganna Teanga, Ealaín, Drámaíocht, Spórt, Céilí, comórtaisí idir na tithe, turais go dtí an trá, agus neart eile: is maith linn cúpla rún a choinneáil chun iontas a chur ar ár scoláirí nua.

Fanann na scoláirí le Bean an Tí agus ár gcinnirí oilte féin ar chuile chúrsa. Tugann sé sin deis do na scoláirí éisteacht le cainteoirí dúchais Gaeilge, agus cleachtadh a dhéanamh leo. Cinntíonn sé freisin go bhfuil timpeallacht thumthach i gceist, agus go n-úsáidtear an Ghaeilge le haghaidh gach cineál cumarsáide i rith an chúrsa ar fad.

Tá na cúrsaí ar fad lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, agus tá sé ionad dhifriúla againn faoi láthair. Eagraítear na cúrsaí thar thrí thréimhse samhraidh (Meitheamh, Iúil agus Lúnasa go bunúsach).

Tuigeann muid nach mbeidh a ndóthain Gaeilge ag na scoláirí ar fad a thagann go Spleodar den gcéad uair chun cumarsáid a dhéanamh mar ba mhaith leo. Tagann neart scoláirí againn agus gan acu ach an “cúpla focal”, má tá sé sin féin acu. Ach tabharfaidh siad faoi deara tar éis trí nó ceithre lá go bhfuil i bhfad níos Gaeilge acu ná mar a cheap siad, agus is gearr go mbeidh siad ag labhairt as Gaeilge gan fiú smaoineamh air. Chomh maith leis sin, má bhíonn deacrachtaí ag scoláire, déanann muid ár ndícheall ranganna breise neamhfhoirmeálta a chur ar fáil dóibh chun cabhrú leo an Ghaeilge bhreise a fhoghlaim a theastaíonn chun páirt a ghlacadh i chuile rud.

Iar-Aire

Eagraíonn muid clubanna óige ar fud na hÉireann. Déanann muid é sin le go mbeidh deis ag ár scoláirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh i rith na scoilbhliana agus leanacht leis an teanga. Tugann sé sin deis dár scoláirí ní hamháin an Ghaeilge a d’fhoghlaim siad linn i rith an tsamhraidh a choinneáil, ach í a fheabhsú tuilleadh fiú. Eagraíonn muid turais freisin, Scléip na hÓige, Béile na Nollag agus Lá Mór na gClub ina measc. Ní chosnaíonn an club ach €3 ar dhá uair an chloig, agus bíonn fáilte roimh chách.

Tá roinnt íomhánna ó chuntas Instagram Spleodar thíos.

Mar a fheictear uaidh seo, is maith linn na scoláirí ar fad a choinneáil gníomhach ar bhealach spraíúil ina mbíonn chuile dhuine páirteach. Spreagann muid rannpháirtíocht inár n-oidhreacht agus ealaíona náisiúnta. Bíonn cluichí tábhachtach freisin, toisc go gcabhraíonn siad le scoláirí aithne a chur ar a chéile, agus iad a chur ar a gcompord ón nóiméad a sroicheann siad Spleodar.

[instagram-feed]