Cúrsaí Samhraidh

Aimsigh Cúrsa Samhraidh Spleodar agus déan iarratas air

Apply online using the new Registration area. Payment is possible via debit / credit cards; a deposit of €400 will be required.

2023 COURSE REGISTRATION AREA

Cúrsaí Samhraidh 2023: Gach Cúrsa

Our courses are listed in the table below. Course registration is now done through our new Course Registration page

 


MEITHEAMH (06/06/2023 to 28/06/2023) Cúrsa A IÚIL (30/06/2023 to 22/07/2023) Cúrsa B LÚNASA (23/07/2023 to 13/08/2023) Cúrsa C
Location Students REGISTRATION INFO Location Students REGISTRATION INFO Location Students REGISTRATION INFO
CAM Camus 4th & 5th Year

20/09/2022 at 12pm

INFO LMI Leitir Mealláin 4th & 5th Year

20/09/2022 at 5pm

INFO LML Leitir Mealláin 4th & 5th Year

20/09/2022 at 5pm

INFO
LMRM Leitir Móir 1st & 2nd Year

19/09/2022 at 12pm

INFO LMRI Leitir Móir 2nd & 3rd Year

20/09/2022 at 5pm

INFO LMRL Leitir Móir 1st & 2nd Year

20/09/2022 at 5pm

INFO
RMM Ros Muc 4th & 5th Year

20/09/2022 at 12pm

INFO RMI Ros Muc 4th/5th/6th Class & 1st Year

20/09/2022 at 5pm

INFO RML Ros Muc 2nd & 3rd Year

20/09/2022 at 5pm

INFO
CMM Cornamona 1st & 2nd Year

19/09/2022 at 12pm

INFO CMI Cornamona 1st, 2nd, & 3rd Year

20/09/2022 at 5pm

INFO        
LMM Leitir Mealláin 1st & 2nd Year

19/09/2022 at 12pm

INFO                
TAFM Tír an Fhia 1st & 2nd Year

19/09/2022 at 12pm

INFO                

 
Cúpla fáth gur cheart theacht go Spleodar * Téann gach scoláire, cuma cén cumas atá acu i dtús an chúrsa, i dtaithí ar riail na Gaeilge agus ar an timpeallacht uile-Ghaeilge. * Ar Ghaeilge labhartha atá an bhéim i ranganna na maidine. * Feabhsóidh do Ghaeilge labhartha go mór. * De bharr chóras na hoibre foirne, ní fhágtar aon duine ar lár ariamh. * Tá an-spraoi ag baint leis an lá atá lán de ghníomhaíochtaí ó dhubh go dubh. * Cairde a bheas agat go deo iad na cairde a chasfar ort anseo. * Níl deireadh leis an spraoi i ndiaidh trí seachtaine – tá an Tóstal, an tOireachtas, srl., ann i rith na bliana.
I Spleodar Samhraidh múineann muid Gaeilge ar chúrsaí i nGaeltacht Chonamara, chun meas ar an nGaeilge a chruthú i ndéagóirí agus oideachas a chur orthu i gcomhoibriú agus i gcinnireacht. Tá idir Chúrsaí Sóisearacha agus Chúrsaí Sinsearacha again.
Gnáthlá Glacann na scoláirí páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí – dhá uair go leith de ranganna, spóirt éagsúla, drámaíocht, amhránaíocht, ceol agus damhsa céilí, chomh maith le gníomhaíochtaí trá, snámh, srl.
An tAgallamh Bíonn ar na scoláirí nua agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí freastal ar agallamh/cruinniú eolais in ionad áitiúil. Mura bhfreastalaítear ar an gcruinniú seo, ní bheidh cead ag an scoláire teacht go cúrsa Spleodar. Caithfidh tuismitheoir/caomhnóir a bheith i gcuideachta an scoláire ag an gcruinniú seo. Mairfidh an cruinniú uair go leith. Beidh comhrá Gaeilge idir an scoláire agus ball foirne Spleodar i gceist leis an gcruinniú, chomh maith le seisiún eolais ina bhfreagrófar ceisteanna na scoláirí agus na dtuismitheoirí i mBéarla. Ba chóir don scoláire Amhrán na bhFiann a fhoghlaim don chruinniú. Míneofar rialacha Spleodar, “Riail na Gaeilge” san áireamh, ag an gcruinniú freisin.
Pacáil: Ná déan dearmad orthu seo! Éadaí srl. Do dhóthain éadaí i gcomhair 3 seachtaine; Cóta maith báistí le cochall; Bróga maithe reatha nó bróga maithe siúlóide; Éadaí spóirt agus snámha; Cás piliúir nó mála eagnaí don inneall níocháin (nífidh bean an tí fo-éadaí agus éadaí éadroma); Mála droma beag don trá / turas lae; Nithe pearsanta Díbholaíoch rollógach – níl díbholaíoch spraeála ceadaithe; Lóis ghréine; Éarthach feithidí; Airgead Airgead póca (téann chuile dhuine chuig an siopa gach lá); Cárta leighis NÓ Seic €50 don Dochtúir (iníoctha le Spleodar). Tugtar an seic seo ar ais mura dtéann an scoláire chuig an dochtúir. Eile Bosca lóin plaisteach; Clúdaigh litreach réamhstampáilte; Peann agus páipéar; Cóipleabhar crua do na ranganna; Foclóir Béarla/Gaeilge; Uirlisí Ceoil; Camán agus clogad.
Fanann na scoláirí le teaghlaigh Ghaeltachta a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Bíonn siad ag taisteal chuig an gColáiste agus abhaile arís cúpla uair in aghaidh an lae chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí éagsúla.