Spleodar: Cúrsaí Gaeltachta i gCroílár Chonamara

Spleodar: Cúrsaí Samhraidh Gaeilge i gConamara (ó rang a ceathair go dtí an cúigiú bliain)

Is óg-eagraíocht Ghaeilge sheachbhrabúsach é Spleodar a ritheann cúrsaí cónaithe i gcroílár Chonamara i rith an tsamhraidh. Tá Spleodar an-bhródúil as oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa mbreis agus fiche bliain a bhfuil muid ar an bhfód.

Ritheann muid trí sheisiún ranganna (Meitheamh/Iúil/Lúnasa) do scoláirí ó rang a ceathair sa mbunscoil go dtí an cúigiú bliain sa meánscoil (an samhradh roimh an Ardteistiméireacht), i sé shuíomh ar leith ar chósta an iarthair. Chomh maith lenár gcúrsaí samhraidh, eagraíonn muid go leor imeachtaí bliantúla do na scoláirí ó cheann ceann na bliana, agus eagraíonn muid 17 gclub do scoláirí ar fud na tíre a chuireann deiseanna iontacha ar fáil chun leanacht orthu ag cur leis an nGaeilge a d’fhoghlaim siad i rith na bliana.

Polasaí Úsáide inghlactha: Polasaí Úsáide Inghlactha

Nuacht & Ag Teacht

Staggered course release via Registration area for summer 2024 bookings: first bookings will begin on September 13th!
 

Déanann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cigireacht ar na tithe ina bhfanann na scoláirí, a chinntíonn go gcloítear le caighdeáin na Roinne.

Tuigeann chuile dhuine i Spleodar go bhfuil muid freagrach as sláinte agus sábháilteacht na scoláirí i gcónaí. Chuige sin, bíonn na scoláirí á maoirsiú i gcónaí. Fanann cinnirí sna tithe leis na scoláirí agus bíonn siad leo ar an mbealach chuig an gColáiste agus abhaile arís. Tugann na múinteoirí cuairt ar na tithe go rialta agus labhraíonn siad leis na scoláirí, leis na cinnirí agus le Bean an Tí.

Is iad labhairt agus foghlaim na Gaeilge croílár Spleodar chomh maith le cinnireacht a fhorbairt i ndaoine óga. Bainfidh scoláirí taitneamh as cúrsaí Spleodar má bhíonn siad díograiseach agus toilteanach iarracht a dhéanamh. Bainfidh scoláirí a bhíonn lánpháirteach sa gcúrsa tairbhe as ó thaobh a scileanna teanga agus na forbartha pearsanta. 

Eagraíonn na cinnirí chuile imeacht ar bhonn grúpa, agus bíonn an fhoireann shinsearach á maoirsiú i gcónaí.

 

Téigh i dteagmháil le Ceann-Oifig Spleodar

Seoladh:
Spleodar,
Bóthar an Chairn Mhóir,
Uarán Mór,
Co. na Gaillimhe.

Email/ríomhphost: eolas@spleodar.com

Teileafón (9am-5pm Dé Luain - Dé hAoine): 091-388916