Aimsigh Cúrsa Samhraidh Spleodar agus déan iarratas air
Please note that at present we are currently not planning to run buses to and from our courses in summer 2021. A decision on buses will be made when we receive guidelines regarding the same: we are awaiting instructions from The HSE and The Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht and will follow all guidelines set down by them.
Covid-19 Notes (Please Read before applying)
By Post:
2021 Postal Application
Cúrsaí Samhraidh 2021: Gach Cúrsa

MEITHEAMH (8/06/2021 to 30/06/2021) A | IÚIL (02/07/2021 to 24/07/2021) B | LÚNASA (25/07/2021 to 15/08/2021) C | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Location | Students | STATUS | INFO | Location | Students | STATUS | INFO | Location | Students | STATUS | INFO |
CAM Camus | 4th & 5th Year | CLOSED | LMI Leitir Mealláin | 4th & 5th Year | OPEN | LML Leitir Mealláin | 4th & 5th Year | OPEN | |||
LMRM Leitir Móir | 1st & 2nd Year | CLOSED | LMRI Leitir Móir | 2nd & 3rd Year | OPEN | LMRL Leitir Móir | 1st & 2nd Year | OPEN | |||
RMM Ros Muc | 4th & 5th Year | CLOSED | RMI Ros Muc | 4th/5th/6th Class & 1st Year | OPEN | RML Ros Muc | 2nd & 3rd Year | OPEN | |||
CMM Cornamona | 1st & 2nd Year | CLOSED | CMI Cornamona | 1st, 2nd, & 3rd Year | OPEN | ||||||
LMM Leitir Mealláin | 1st & 2nd Year | CLOSED | |||||||||
TAFM Tír an Fhia | 1st & 2nd Year | CLOSED |
Cúpla fáth gur cheart theacht go Spleodar * Téann gach scoláire, cuma cén cumas atá acu i dtús an chúrsa, i dtaithí ar riail na Gaeilge agus ar an timpeallacht uile-Ghaeilge. * Ar Ghaeilge labhartha atá an bhéim i ranganna na maidine. * Feabhsóidh do Ghaeilge labhartha go mór. * De bharr chóras na hoibre foirne, ní fhágtar aon duine ar lár ariamh. * Tá an-spraoi ag baint leis an lá atá lán de ghníomhaíochtaí ó dhubh go dubh. * Cairde a bheas agat go deo iad na cairde a chasfar ort anseo. * Níl deireadh leis an spraoi i ndiaidh trí seachtaine – tá an Tóstal, an tOireachtas, srl., ann i rith na bliana.
I Spleodar Samhraidh múineann muid Gaeilge ar chúrsaí i nGaeltacht Chonamara, chun meas ar an nGaeilge a chruthú i ndéagóirí agus oideachas a chur orthu i gcomhoibriú agus i gcinnireacht. Tá idir Chúrsaí Sóisearacha agus Chúrsaí Sinsearacha again.
Gnáthlá Glacann na scoláirí páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí – dhá uair go leith de ranganna, spóirt éagsúla, drámaíocht, amhránaíocht, ceol agus damhsa céilí, chomh maith le gníomhaíochtaí trá, snámh, srl.
An tAgallamh Bíonn ar na scoláirí nua agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí freastal ar agallamh/cruinniú eolais in ionad áitiúil. Mura bhfreastalaítear ar an gcruinniú seo, ní bheidh cead ag an scoláire teacht go cúrsa Spleodar. Caithfidh tuismitheoir/caomhnóir a bheith i gcuideachta an scoláire ag an gcruinniú seo. Mairfidh an cruinniú uair go leith. Beidh comhrá Gaeilge idir an scoláire agus ball foirne Spleodar i gceist leis an gcruinniú, chomh maith le seisiún eolais ina bhfreagrófar ceisteanna na scoláirí agus na dtuismitheoirí i mBéarla. Ba chóir don scoláire Amhrán na bhFiann a fhoghlaim don chruinniú. Míneofar rialacha Spleodar, “Riail na Gaeilge” san áireamh, ag an gcruinniú freisin.
Pacáil: Ná déan dearmad orthu seo! Éadaí srl. Do dhóthain éadaí i gcomhair 3 seachtaine; Cóta maith báistí le cochall; Bróga maithe reatha nó bróga maithe siúlóide; Éadaí spóirt agus snámha; Cás piliúir nó mála eagnaí don inneall níocháin (nífidh bean an tí fo-éadaí agus éadaí éadroma); Mála droma beag don trá / turas lae; Nithe pearsanta Díbholaíoch rollógach – níl díbholaíoch spraeála ceadaithe; Lóis ghréine; Éarthach feithidí; Airgead Airgead póca (téann chuile dhuine chuig an siopa gach lá); Cárta leighis NÓ Seic €50 don Dochtúir (iníoctha le Spleodar). Tugtar an seic seo ar ais mura dtéann an scoláire chuig an dochtúir. Eile Bosca lóin plaisteach; Clúdaigh litreach réamhstampáilte; Peann agus páipéar; Cóipleabhar crua do na ranganna; Foclóir Béarla/Gaeilge; Uirlisí Ceoil; Camán agus clogad.
Fanann na scoláirí le teaghlaigh Ghaeltachta a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Bíonn siad ag taisteal chuig an gColáiste agus abhaile arís cúpla uair in aghaidh an lae chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí éagsúla.