FAQ: Ceisteanna Coitianta

Seolfar pacáiste eolais le ríomhphost chuig gach teaghlach coicís roimh an gcúrsa. Léigh Téarmaí agus Coinníollacha Spleodar anseo.

1:Riail na Gaeilge

Students must speak Irish at all times. A full sentence in English will entail dismissal from the college without refund of fees. This rule is strictly enforced and parents are advised not to send their children to Spleodar if they are not prepared to comply with this. This rule ensures that all students achieve their potential.

2:Riail an Ghrúpa

The students must remain in groups with a cinnire or teacher at all times. For Safety reasons students do not go anywhere alone.

3:Fón Póca

Mobile phones are not allowed on Spleodar courses. Parents are asked to ensure that students comply. Cooperation and respect for others are expected from everyone in Spleodar at all times

Má labhraíonn scoláire abairt iomlán i mBéarla cuirfear abhaile ón gcúrsa iad.

Ní bhíonn, bíonn buachaillí agus cailíní i dtithe difriúla.

Féadfaidh triúr cairde ar a mhéad fanacht sa teach céanna, ach ní bheidh siad sa seomra céanna. Eagrófar é seo ag an gcruinniú eolais.

Déanfaidh Bean an Tí dhá níochán in aghaidh an chúrsa. Nífidh sí éadaí éadroma – t-léinte, stocaí agus fo-éadaí.

Beidh dhá Dhomhnach in aghaidh an chúrsa ar fáil chun cuairt a thabhairt ar na scoláirí. Tabharfar dátaí agus am na gcuairteanna sa bpacáiste eolais.

Ní ghlacann Spleodar le fóin phóca ar chor ar bith. Is féidir dul i dteagmháil le do scoláire ar fhón an choláiste, ar fhón póca an chúrsa, tríd an bpost, nó ar ríomhphost. Beidh na huimhreacha fóin agus seoltaí uilig ar fáil sa bpacáiste eolais.

Is féidir, ach molann Spleodar nach ndéantar mórán cumarsáide ar an bhfón. Molann muid nach labhrófá le do scoláire ar an bhfón an chéad trí lá chun seans a thabhairt don scoláire a bheith tumtha go hiomlán sa teanga. Beidh an fhoireann shinsearach sásta tuairisc a thabhairt duit ar dhul chun cinn do scoláire agus tabharfaidh siad teachtaireacht don scoláire ar do shon. Féadfaidh tuismitheoirí labhairt lena scoláirí ina dhiaidh sin, ach molann muid nach ndéantar an iomarca é. Ní féidir le Spleodar teagmháil laethúil ar an bhfón a chur ar fáil.

Eagraíonn Spleodar busanna príobháideacha go dtí gach ionad, ach ní gá iad a úsáid. Beidh tráthchláir agus praghsanna ar fáil sa bpacáiste eolais. Is féidir íoc as an mbus nuair a shroichtear ionad an chúrsa.

Molann Spleodar nach bhfágfadh scoláire an cúrsa ach i gcúinsí eisceachtúla. Más gá an cúrsa a fhágáil, caithfear é seo a eagrú i scríbhinn le Stiúrthóir an Chúrsa.

Ní féidir. Caithfear teagmháil a dhéanamh ar fhóin agus ar ríomhphoist an chúrsa agus mar sin amháin.

Ba cheart más maith leo, ach molann Spleodar go mbeadh aon uirlis cheoil nó trealamh spóirt a thugann na scoláirí leo go dtí an cúrsa clúdaithe faoin réimse ‘gach riosca’ i d’árachas tí.

Ní ghlacann Spleodar leis na gléasanna thuas ar chor ar bith.

Reáchtálann Spleodar clubanna óige seachtainiúla ó mhí Mheán Fómhair go mí an Mhárta.

Information about the Spleodar Child Protection Policy, as well as a link to a downloadable PDF of that policy, can be accessed here