Agallamh agus Cruinniú Eolais Spleodar
Chun go dtuigfidh muid go hiomlán riachtanais chuile scoláire, agus chun a chinntiú go dtuigeann scoláirí agus tuismitheoirí an chaoi a ritear cúrsaí Spleodar, caithfidh chuile scoláire freastal ar agallamh agus cruinniú eolais ina gceantar féin. Ba cheart duit an láthair is fearr duitse a roghnú nuair atá iarratas a chur faoi bhráid Spleodar (tá liosta áiteanna thíos).
Ní gá do scoláirí a bhí ar chúrsa Spleodar cheana teacht go cruinniú. Is do scoláirí NUA é.
Ní mór go mbeadh tuismitheoir/caomhnóir in éindí le gach scoláire.
I ndiaidh duit iarratas a chur isteach ar ár gcúrsa, seolfar admháil laistigh de 21 lá. Tabharfar cuireadh duit féin agus do do thuismitheoirí freastal ar agallamh / cruinniú eolais áitiúil. Mura bhfreastalaíonn tú ar agallamh ar bith (mar scoláire nua le Spleodar), ní bheidh cead agat dul ar chúrsa ar bith. Ní mór go mbeadh tuismitheoir/caomhnóir in éindí le gach scoláire.
Céard a tharlaíonn ag an gcruinniú?
Mairfidh an cruinniú thart ar uair go leith. Beidh comhrá gearr agus éasca i nGaeilge idir an scoláire agus an t-agallóir ar dtús, agus ansin beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann leis na tuismitheoirí agus scoláirí (i mBéarla). Míneofar rialacha an choláiste, “Riail na Gaeilge” ina measc, go hiomlán. Ní scrúdú Gaeilge é! Níl ann ach bealach le go bhfoghlaimeoidh muide fútsa agus go n-inseoidh muid duit faoin méid a tharlóidh ar do chúrsa Spleodar. Ón taithí atá againn air seo ar fad, cabhraíonn an cruinniú go mór le scoláirí réiteach don samhradh.
An gcaithfidh mé aon cheo a fhoghlaim don Agallamh?
Ba cheart do scoláirí Amhrán na bhFiann a fhoghlaim roimh an agallamh. Tá na liricí ar fáil ag bun an leathanaigh ‘Sula dTagann Tú’.
Ionaid an Agallaimh: Roghnaigh an t-ionad is fearr duitse nuair a dhéanann tú iarratas ar chúrsa
- BAC (Dublin) Northside
- BAC (Dublin) Southside
- BAC (Dublin) Westside
- Gaillimh (Galway)
- Cathair na Mart (Westport)
- Luimneach (Limerick)
- Sligeach (Sligo)
- Ceatherlach (Carlow)
- Guire (Gorey)
- Baile Atha Luain (Athlone)
- An Cabhán (Cavan)
- An Muileann gCearr (Mullingar)
- Carrick-on-Shannon
- Longfort (Longford)