Aimsigh Cúrsa Samhraidh Spleodar agus déan iarratas air
Apply online using the new Registration area. Payment is possible via debit / credit cards; a deposit will be required. Please note that course registration is staggered.
Cúrsaí Samhraidh 2026: Gach Cúrsa
Our courses are listed in the table below. Course registration is now done through our new Course Registration page. Please read the details on this page carefully before registering, and check beforehand the date and time that the specific course you want will open for bookings.

MEITHEAMH (02/06/2026 to 24/06/2026) Cúrsa A | IÚIL (26/06/2026 to 18/07/2026) Cúrsa B | LÚNASA (19/07/2026 to 09/08/2026) Cúrsa C | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Location | Students | REGISTRATION | INFO | Location | Students | REGISTRATION | INFO | Location | Students | REGISTRATION | INFO |
TAFM Tír an Fhia | 1st & 2nd Year | 03/09/2025 at 10am |
RMI Ros Muc | 1st & 2nd Year | 04/09/2025 at 12pm (noon) |
LMRL Leitir Móir | 1st & 2nd Year | 04/09/2025 at 12pm (noon) |
|||
LMRM Leitir Móir | 1st & 2nd Year | 03/09/2025 at 10am |
CMI Cornamona | 1st, 2nd, & 3rd Year | Not running in 2026 |
RML Ros Muc | 2nd & 3rd Year | 04/09/2025 at 12pm (noon) |
|||
RMM Ros Muc | 1st & 2nd Year | 03/09/2025 at 10am |
LMRI Leitir Móir | 2nd & 3rd Year | 04/09/2025 at 12pm (noon) |
LML Leitir Mealláin | 4th & 5th Year | 04/09/2025 at 12pm (noon) |
|||
CMM Cornamona | 1st & 2nd Year | [Not running in 2026] |
LMI Leitir Mealláin | 4th & 5th Year | 04/09/2025 at 12pm (noon) |
||||||
LMM Leitir Mealláin | 4th & 5th Year | 04/09/2025 at 10am |
TAFI Tír an Fhia | 4th, 5th, & 6th Class | NEW! 04/09/2025 at 12pm (noon) |
||||||
CAM Camus | 4th & 5th Year | 04/09/2025 at 10am |
Cúpla fáth gur cheart theacht go Spleodar * Téann gach scoláire, cuma cén cumas atá acu i dtús an chúrsa, i dtaithí ar riail na Gaeilge agus ar an timpeallacht uile-Ghaeilge. * Ar Ghaeilge labhartha atá an bhéim i ranganna na maidine. * Feabhsóidh do Ghaeilge labhartha go mór. * De bharr chóras na hoibre foirne, ní fhágtar aon duine ar lár ariamh. * Tá an-spraoi ag baint leis an lá atá lán de ghníomhaíochtaí ó dhubh go dubh. * Cairde a bheas agat go deo iad na cairde a chasfar ort anseo. * Níl deireadh leis an spraoi i ndiaidh trí seachtaine – tá an Tóstal, an tOireachtas, srl., ann i rith na bliana.
I Spleodar Samhraidh múineann muid Gaeilge ar chúrsaí i nGaeltacht Chonamara, chun meas ar an nGaeilge a chruthú i ndéagóirí agus oideachas a chur orthu i gcomhoibriú agus i gcinnireacht. Tá idir Chúrsaí Sóisearacha agus Chúrsaí Sinsearacha again.
Gnáthlá Glacann na scoláirí páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí – dhá uair go leith de ranganna, spóirt éagsúla, drámaíocht, amhránaíocht, ceol agus damhsa céilí, chomh maith le gníomhaíochtaí trá, snámh, srl.
An tAgallamh Bíonn ar na scoláirí nua agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí freastal ar agallamh/cruinniú eolais in ionad áitiúil. Mura bhfreastalaítear ar an gcruinniú seo, ní bheidh cead ag an scoláire teacht go cúrsa Spleodar. Caithfidh tuismitheoir/caomhnóir a bheith i gcuideachta an scoláire ag an gcruinniú seo. Mairfidh an cruinniú uair go leith. Beidh comhrá Gaeilge idir an scoláire agus ball foirne Spleodar i gceist leis an gcruinniú, chomh maith le seisiún eolais ina bhfreagrófar ceisteanna na scoláirí agus na dtuismitheoirí i mBéarla. Ba chóir don scoláire Amhrán na bhFiann a fhoghlaim don chruinniú. Míneofar rialacha Spleodar, “Riail na Gaeilge” san áireamh, ag an gcruinniú freisin.
Pacáil: Ná déan dearmad orthu seo! Éadaí srl. Do dhóthain éadaí i gcomhair 3 seachtaine; Cóta maith báistí le cochall; Bróga maithe reatha nó bróga maithe siúlóide; Éadaí spóirt agus snámha; Cás piliúir nó mála eagnaí don inneall níocháin (nífidh bean an tí fo-éadaí agus éadaí éadroma); Mála droma beag don trá / turas lae; Nithe pearsanta Díbholaíoch rollógach – níl díbholaíoch spraeála ceadaithe; Lóis ghréine; Éarthach feithidí; Airgead Airgead póca (téann chuile dhuine chuig an siopa gach lá); Cárta leighis NÓ Seic €50 don Dochtúir (iníoctha le Spleodar). Tugtar an seic seo ar ais mura dtéann an scoláire chuig an dochtúir. Eile Bosca lóin plaisteach; Clúdaigh litreach réamhstampáilte; Peann agus páipéar; Cóipleabhar crua do na ranganna; Foclóir Béarla/Gaeilge; Uirlisí Ceoil; Camán agus clogad.
Fanann na scoláirí le teaghlaigh Ghaeltachta a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Bíonn siad ag taisteal chuig an gColáiste agus abhaile arís cúpla uair in aghaidh an lae chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí éagsúla.