Cúrsaí Gaeltachta i gcroílár Chonamara

Information packs available below

 

Tá cúrsaí mí an mheithimh ar fad LÁN

Tá roinnt spásanna ar na cúrsaí seo a leanas

Corr na Móna 1/7 - 23/7
Leitir Mealláin 1/7 - 23/7
Ros Muc 1/7/ - 23/7

Leitir Mealláin 24/7 - 14/8
Ros Muc 24/7 - 14/8
Leitir Moir 24/7 - 14/8

 

Foirm Iarratais 2016  

 

Pacáistí Eolais 2016

Leitir Móir 07/06/2016

Leitir Mealláin 07/06/2016

Camus 07/06/2016

Corr Na Mona 07/06/2016

Tír an Fhia 07/06/2016

Ros Muc 07/06/2016

 

Leitir Moir 01/07/2016

Leitir Mealláin 01/07/2016

Ros Muc 01/07/2016

Corr Na Mona 01/07/2016

 

 

 

 Is óg-eagras neamhbhrabúsach é Spleodar a ritheann cúrsaí Gaeilge i nGaeltacht Chonamara le linn an tsamhraidh. Is cúrsaí tumoideachais a bhíonn i gceist le Spleodar. Déanann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cigireacht ar na tithe ina bhfanann na scoláirí le cinntiú go leantar na rialacha atá leagtha síos acu.

Is iad labhairt agus foghlaim na Gaeilge croílár Spleodar chomh maith le cinnireacht a fhorbairt i ndaoine óga. Bainfidh scoláirí taitneamh as cúrsaí Spleodar má bhíonn siad díograiseach agus toilteanach iarracht a dhéanamh.

I Spleodar tuigeann muid go bhfuil muid in loco parentis ar scoláirí agus déantar maoirseacht ar scoláirí an t-am ar fad. Fanann cinnirí ins na tithe leis na scoláirí agus bíonn múinteoir nó cinnire leo an t-am ar fad. Tugann múinteoirí cuairt ar na tithe go rialta agus labhraíonn siad leis na scoláirí, leis na cinnirí agus le Bean an Tí. Eagraítear gach imeacht ar bhonn grúpa le cinnirí agus múinteoirí ina mbun.

Le cinntiú go n-éiríonn le gach scoláire a mianach a shroicheadh caitear formhór an ama sa gcoláiste. Bíonn dhá uair go leith de ranganna ar siúl chuile mhaidin ó Luan go Satharn le béim ar labhairt na Gaeilge agus ar rannpháirtíocht. Eagraítear réimse leathan d’imeachtaí iarnóin m.sh. ealaín, ceol, drámaíocht, spórt agus go leor eile. San oíche eagraítear céilithe téama agus comórtaisí idir na tithe.

 

Foirm Iarratais 2016

 

 

Please note that due to a high level of demand Corr Na Mona B (01/07 - 23/07) has now been opened to third years.

 

An Cúrsa Cinnireachta Clár Ama Bus 2016

 

 

Iar-Aire

Cuireann Spleodar béim ar iar-aire. Tá 17 gclub óige againn timpeall na tíre a bhíonn ar siúl go seachtainiúil ó Mheán Fómhair go Márta. Mic léinn ollscoile (na Feighlithe) a bhíonn i gceannas ar na clubanna seo. Tugann na clubanna deis do scoláirí bualadh lena chéile i suíomh sábháilte agus páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós drámaíochta, spóirt agus rudaí difriúla. Feiceann scoláirí an Ghaeilge mar theanga bheo ina gceantar áitiúil. Bíonn an mhaoirseacht chéanna agus na rialacha céanna i gceist ins na clubanna.

 

Teistiméireachtaí

Bhí trí seachtaine iontacha ag m'iníon le Spleodar. Tháinig feabhas do-chreidte ar a cuid Gaeilge agus tá dlúthchairde déanta aici ó shin.

Tuismitheoir ó Bhaile Átha Cliath

 

 

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar mo chuid ama i Spleodar. D'fhoghlaim mé go leor Gaeilge agus bhí go leor "craic" agam.