An féidir liom labhairt le mo scoláire?

Is féidir, ach molann Spleodar nach ndéantar mórán cumarsáide ar an bhfón. Molann muid nach labhrófá le do scoláire ar an bhfón an chéad trí lá chun seans a thabhairt don scoláire a bheith tumtha go hiomlán sa teanga. Beidh an fhoireann shinsearach sásta tuairisc a thabhairt duit ar dhul chun cinn do scoláire agus tabharfaidh siad teachtaireacht don scoláire ar do shon. Féadfaidh tuismitheoirí labhairt lena scoláirí ina dhiaidh sin, ach molann muid nach ndéantar an iomarca é. Ní féidir le Spleodar teagmháil laethúil ar an bhfón a chur ar fáil.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *